An tImeall ar an Raidió

An tImeall has become the first Irish independent podcast to be broadcast on licensed radio in the country. Conn, an alumni of NUI Galway, has agreed to broadcast An tImeall via Flirt FM, Galway’s college radio station. More details below (as Gaeilge!):

Cuirtear tús inniu le comhchraoladh ar an bpodchraoladh laethúil Gaeilge An tImeall, ar stáisiún raidio na mac léinn sa Ghaillimh, Flirt FM. Is é An tImeall an chéad phodchraoladh neamhspleách in Éirinn a chraolfar ar an raidio.

Tugtar podchraoladh ar an módh lenar féidir comhaid fuaime agus físe a dháileadh ar an idirlíon le h-aghaidh seinnteoirí digiteacha soghluaiste. Is féidir síntús a ghlacadh le podchraoladh ionas gur féidir bogearra podghabhála ar nós Apple iTunes a úsáid chun podchraoltaí ar leith a fhaire agus na míreanna nuafhaoilsithe a íoslódáil go h-uathoibríoch go dtí ríomhaire nó go dtí gléas seinnte soghluaiste.

Tá tóir ar phodchraoltaí toisc go dtugann siad rogha leathan don lucht éisteachta agus toisc gur féidir éisteacht leis nó féachaint ar an ábhar podchraolta i do rogha áit, ag do rogha am. Is fusa chomh maith do tháirgitheoirí a gcuid cláracha a dháileadh beag beann ar líonraí tarchuradóireachta agus sceidil chraoltóireachta.

Bhí sé le sonrú le cúpla mí anuas go raibh fuadar faoi chraoltóirí traidisiúnta chun a gcuid podchraoltaí féin a fhoilsiú, agus tá roinnt mhaith cláracha aitheanta raidio ar fáil i bhfoirm phodchraoltaí anois. Ach níor éirigh le h-aon phodchraoltóir neamhspleách roimhe seo dul ar an raidio.

Foilsítear An tImeall ag imeall.blogspot.com. B’é an chéad phodchraoladh i nGaeilge. Tá sé in a mhisean aige freastal ar phobal scaipthe na Gaeilge, agus líonraí sóisialta a chothú don teanga. Tá breis agus 120 eagrá foilsithe ó cuireadh tús leis mí Iúil seo chaite, agus bhain an suíomh duais na Gaeilge ag Gradam na mBlag an mhí seo chaite.

Is é Flirt FM stáisiún raidio pobail na mac léinn i nGaillimh. Bunaíodh i 1995 é. Cuirtear tús le sceideal samhraidh an stáisúin inniu. Tuilleadh eolais ag flirtfm.org.

0 Responses to “An tImeall ar an Raidió”


  1. No Comments

Leave a Reply